Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 69
- XML “Scéal - An Mhuc”
- XML “Tuilleadh fá Phaidí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chonnaic an fhear seo sgánnruigh sé agus d’fág sé Paidí. Ach ar an dara aonach thug Paidí a chuid airgead arais dó.
- Tuilleadh fa Phaidí.
Ba h-iad na Tíghearnaigh a bhí ar an ait seo san ám na “Musgrabhes”. Tá’n ballóg lé feicealt a dtugtaoi Teach a’ Clochair na’n Teach Mhór ar a Chlochair go fóill agus is lé duine dé’n dreám an gabhaltas mór atá ann anois fein. Ba leobhtha na tálta, ba leobhtha na tíghthe, ba leobhtha na cnuic na lochannaí, na h-aibhneacha agus na cuantaí. Bhí siad ag díol fear leis na h-aibhneacha agus lochannaí a coimhead fa choinne iasgaireachta daobhtha fein, bhí siad ag díol fear leis na cnuic a coimhead ar eughla go gcuirfeadh aon duine an seilg amudha ortha.
‘Nois bhí Paidí ‘na cómhnuidhe ar chaoran agus dar leis ba mhaith an rud da mbéadh coimhead na gcnoc ag a mhac fein go gcuideochadh an t-airgead leóbhtha. Ar an ádhbhar sin ar an chead lá a chonnaic sé na Tíghearnaigh agus a gconairt ag teacht d’fág sé mar shíl siadsan cearc-fhraoch na suidhe ar a nead ar an caoran i gcúl an tíghe. Chuir sé ar súile na bhfear seo é agus gan é amhlaidh ar comhair ar bíth. Nuair a chonnaic siad-san comh ionraice is bhí an mhuirín seo nar bhain siad do’n nead rinn siad fear-coimheada do mac Paidí agus bhí sé ag saothrughadh orthú go bhfuair sé bás.- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac a' t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall