Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’fag bád iasgaireachta Teidhleann lá amhain agus chuaidh siad thart síos ag tárrangt ar Mhálainn Bhig. Nuair a bhí siad ag gabhail thart i gcúl na n-ált chualaidh siad an seinm, agus d’aithin siad go rabh píobaire ann. D’amharc siad suas agus chonnaic siad píobaire beag ag seinm shuas san ált.
Tharrang siad isteach agus léim dáimhseór maith a bhí sa bád amaách ar charraic leáthan a bhí ann agus thoisigh damhsaigh gheáll ar gan an tiún deas a leigint amudha.
Nuair a bhí’n tiún thart thug se buidheachas dó’n píobaire agus d’fiafraigh goidé’n tiún sin. “O! arsan píobaire sin “The wind that shakes the barley”, agus d’imtigh sé as amharc.
D’aithin siad ó seo go rabh doineann air agus phill siad ar an bhaile comh tiúgh géur is thiocfadh leobhtha agus ní rabh siad acht istigh i gceart nuair a thoisigh an doineann agus rinne lá créathnaigheach.
Shabhal an píobaire beag iad.- Bailitheoir
- Cait Nic a' t Saoir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac a' t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall