Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Liag
- XML Leathanach 89
- XML “Scéal - An Cloigeann”
- XML “Tomhas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fháirigheach fa choinne an Sagairt ní rabh iongantas ar bíth goidé mar bhí bean na leáptha. I gcionn gach tamaill bhig léimnigheadh an coileach anuas agus sheásughadh sé ag an doras ag shgáirtigh agus ag bualadh a eiteóg. Níor dhadaí sin acht an uile ám a gnídheadh an coileach an ruaig seo síos go dtí’n dorais theidheadh an cloigeann a bhí thall san fhuinneóig a gháiridhe.
Nuair a thainig an Sagart d’innis an bhean goidé bhí ghabhail un tosaigh. Thug an Sagart cead cainnte do’n cloigeann agus d’fiafraigh goidé ádhbhar a gháiridhe. “O! arsan cloigeann, bhí an coileach ag congbhailt an diabhal amuigh go dtiocfadh sibhse agus an uile ám a chuirfeadh sé tóir ar an diabhal amách ar an doras b’éigin damhsa gabhail a gháiridhe lé tréun lúthghaire”. - Tomhas. 46
Cuaidh fear isteach i dteach agus d’fiafruigh sé do girseach beag “Goidé tá do mháthair ag deánamh indiú”? “Tá sí ag meilt na mine a h-íththeadh anuraidh” arsan girseach.
Bhí an mháthair ag meilt na min iasachta a fuair sí ó na cómharsanaibh lé na thabhairt daobhtha arais. Críoch seo ag bun Amhran Shliabh Liaig.