Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 367
- XML “Seanamhrán Gaeilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Gaeilge
“Is fear gan chéill bhéadh i dtréill”
Is fear gan chéill bheadh i dtréill
leis an chlaidh atá barr
A’s beann bheag íseal le na thaobh sin
Is uirthi leagfainn mo lámh.
Cúigear ballan, crann caorthainn
Bhí sé searbh ar a bharr
Fásann sméara agus blátha súgh craobh
ar an chrann is ísle bláth
Agus ní bean búclaí na bean ribíní
a D’fhóirfeadh damh.
Is géar do ghéar cailín gruama dubh
Na maighdean na ngeal chéach.
Is í a chráidh mo chroidh.
Tá cumhaidh orm in dhiaidh mo mhuirnín
Agus ní náire damh é.
Na síligid cé gurb íseal mé
Nach uasal mé – na síligidh
gurb as an díogadh a fuarthas mé
Tá sneachta da shíor chur
Agus da shiabadh ar shliabh Uí Fhíloinn
A’s tá mo ghradhsa sa bhláth an áirne
Atá ar an droigheann donn.
Siúd shíos an gleann aoibhinn
an áit a geomhnuigheann mo ghrádh
A cum níos míne na an síoda
Na an calla ar an tsnámh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Nic Grianna
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall