Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cuid den dream a thainic indiaidh na Maighdeana Mára a rabh moran eolais acu ar ghraithe draoidheachta agus pisriogachta. Bhí bean acu na comhnuidh i Leac Chonaill fa thuairim leath chéad bliadhain o shoin, a rabh Máire Níc Aoidh mar ainim oirthi- “Máire Aindreis” a bheirti oirthi thart fan chomhursanacht seo.
Cibe ar bith cineal geasrogaí a bhí aicí thiocfad leithe eallach a dheánadh tinn agus biseach a dheánadh dobhtha arais. Bhíodh sí go minic ag iarraidh bainne agus ime ar fud na comhursanachta.’ Da n-aiteachadh duine ar bith í i ngraithe bainne na ime ní bhéadh moill go mbéadh bó tinn ag an duine sin. Chuirtí fa choinne Mháire Aindreis le léigheas a dheánadh den bhó. Thiocfadh Máire agus dheánadh sí an léigheas agus ar ndóighe gheibheadh sí bainne agus im go leor annsin.
Dinnis Proinsias O’Gallachobhair damh - go ndeanaidh Dia trocaire air - fa am amháin a d’fhág sí cochan leabtha amuigh le triomadh. Thainic seisean (Proinsias) thart, agus le iomlatas thug sé leis an cochan agus chuir mar asair faoi na bhí féin é. Chruthnuigh Máire an cochan, ach dubhairt sí go mbéadh sí na seasadh ar an chochan roimh am codalta an oidhche sin.
Bhí an bhó amuigh ar an inigilt, agus trathnóna chuir Proinsias isteach í. Ní rabh sí i bhfad san bhoitheach gur bhuail tinneas í. B’éigin cur fa choinne Mháire le léigheas a dheánadh den bhó. Thainic sí sheas ar a cuid cochain féin mar dubhairt sí - ach léigheas sí an bhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinsias Ó Gallachobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall