Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 408
- XML “Seanchas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- D’fhiafruigh Proinsias Ó’Gallachobhair damh lá amháin an rabh fhios agam go rabh Éireannach ag [cuidai]? ar Slánuightheoir a chéasadh. Níor chualaidh mé an sgéal roimh an ama sin.
“Bhí tuitim amach eadar na fianna”, ar seisean, “agus dimthigh cuid acu as an tír agus listeil siad i dtíortha eile - moran acu in arm na róimhe. Bhí cumhacht na Roimhe go tréamanta ar fud an domhain san am.
“Bhí fear acu seo darbh ainim Conall Ceárnach. Bhí sé an tugtha do ghreann agus do spórt, agus go spéisealta bhí sé binn briathrach agus na sgéalaidh chliste. D’imthigh sé thar sáile.
“Tar éis a béith ar shiúbhal seal bliadhantach thainic sé abhaile arais. In án an fhir ghleoirigh challanaigh a dimthigh bhí fear gruama tostach a chaitheadh moran do am ag smaoituí agus ag neamhrúghadh.
“Bhí íontas ar a cháirde fa athru a thainic air. Lá amháin d’fhiafruigh seanduine de caide a ba chionntaigh leis an athrú shonnruightheach a thainic air o dimthigh sé, gur ghrathach leis a bheith na dhuine ghreannmhar bhriathrach, ach ó phill sé nach rabh focal aige do dhuine ar bith.
“Ba é an freagar a thug Conall.
“Da bh’feicfeadh sibhse an t-amharc a chonnaic mise ar shliabh Chealbhaire ní bhéadh moran cainnte agaibh ach oiread”. Annsin d’innis sé fan chéasadh agus fan dorchadas a thainic na dhiaidh - fa na mairbh ag éirigh as(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Baoighill
- Ainmneacha eile
- Éamonn Ó Baoighill
- Neddy Thorlaigh (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Dhún na nGall