Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 254
- XML “Oisín agus <span class="exact">Naomh</span> <span class="exact">Pádraig</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuachaill a bhí ag Naomh Pádraig a dhul leis ag seilg. Ní rachfadh an buachaill. Lá amháin eile bhí duine éiginteacht ag féasta ag Naomh Pádraig. Bhí sé ag bruith beithidhigh ag an teine. Bhi Oisín ag an teinidh agus é ag ithe cuid de. 'Stad' a deirfeadh Naomh Pádraig cupla uair ach ní stadfadh sé. Tháinig an-fhearg ar Naomh Pádraig agus dhóigh sé na leabhair sgéaltaí a bhí scríobhtha aige ó Oisín."is beag is fiú liomsa do bheathadhach gránndha' arsa Oisín, 'le taobh ceathramh de'n lionn (?) a mharbhuigheas mise indiú'Tháinig an buachaill isteach agus d'iarr Oisín air dul leis a sheilg. Dubhairt an buachaill go rachfadh agus d'fhiafruigh sé de Oisín an rabh bogha aigeDubhairt Oisin nach rabh ach go bhfuighfeadh sé ceann. d'imthigh siad leóbhtha. Deirfeadh Oisín leis an bhuachaill achan bhomaite" Amharc isteach faoi'n charaig sin'. Dhearcadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall