Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Árd-Ruadh :- Bheirtear seo ar an árd seo cionnus go bhfuil an fhraoch atá ag fás air, ruadh sa dath.
An Uaigh.
Tá an áit seo shiar i n-alt i Mín-a-duine agus tá fear curtha ann. Tá cuma ar fhear deánta ar an talamh ann. Bhí an fear seo ‘na gcómhnuidhe ann i bhfad ó shoin agus an lá seo bhí sé ag obair síos ar an t-shrath cogarach ag an abhainn agus táinic easgan mhór amach as an abhainn agus lean an fhear go dtí go marbh sí é sa’n alt agus deirtear go bhfuil an t-easgan faoi’n talamh ann agus sin an t-adhbhair go dtugtar an Uaigh air.
An Chamainn.
Tá an áit seo ar an bealach mór. Is é an t-adhbhair a dtugtar seo air tá an chorr ann agus tá sé deánta cosamhail le ceann chamainn.
Cró an Úan.
I bhfad o shoin nuair a bhí na michtíre agus sionnaigh go farsún ar na cnuic i nEírinn cuirtí na h-uain uilig isteach ins an cró seo ar eagla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Braonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall