Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 54
- XML “An tAthair Mac Páidín”
- XML “Fir Mhaithe Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talaimh amach gur inis an sagart Mac Páidín dóibh is bhí sé ag éirghe é a chur isteach i bpriosún. Chruinnigh na daoine thart agus mharbhuigh siad ceann de na saighdiúirí. D'imthigh an sagart le na saighdiúirí ar eagla go marbhuighthí na daoine níos mo de na saighdiúirí. Chuir na saighdiúirí i bpriosún é agus bhí sé annsin ar fadh sé mhí nó mar sin.Siubhan Ní Thiomanaidhe, Mín a tSamhaibh, Baile na Finne a sgríobh é, mo mhathair a d'innis damh é.
- Bhí fear i gCnocleitreach d'ar b'ainm do Seán Ó Gallchobhair bhí sé i gcomhnuidhe ag déanamh poitín. Ní thiocfadh le duine ar bith é a fhághail. Bhí na gardaí ag rith indiaidh ach ní thiocfadh le duine ar bith é a fhághail. Bhí fear i mBaile Átha Cliath a rabh iongantach maith ag siubhail ar fad. Cuireadh fá na choinne annseo é nuair a chonnaic siad nach rabh duine ar bith ábalta dó. Tháinig sé agus nuair a bhí sé ag teacht thug sé carr leis. Stad siad ag an teach. Ní rabh duine ar bith ins an charr achabhí (?) an fear maith ag siubhail aus cúpla gardaí. Bhí Seán Ó Gallchobhair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siubhan Ní Thiomanaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall