Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear amuigh go mall oidhche amháin. Bhíodh cipín dróighin leis i gcomhnaidhe. Tháinig sluagh na gcat air agus thoisigh siad dá strócadh. Thoisigh an fear dá marbhadh agus char stad sé gur mharbh sé Rí na gCat. Nuair a bhí Rí na gCat ag fághail bháis dubhairt sé leis an fhear "nuair a rcahas tú abhaile, innis do ghliodaidhe na luaithrighe gur mharbh tú Rí na gCat." Sin an t-ainm a bhí ar an chat bheag a bhí sa bhaile na dhiaidh.
Nuair a chuaidh an fear na bhaile bhí a bhean agus a chlann ag fanacht leis. D'innis sé go dtáinig sluagh na gcat air agus gur mharbh seisean an t-iomlán aca. Bhí gliodaidhe na luaithrighe na shuidhe le taobh na teineadh agus nuair a chualaidh sé gur márbhadh Rí na gCat fuair sé greim muineail ar an fhear agus níor léig sé amach an greim gur mharbh sé an fear.Bríghid Ní Bhaoighill
Mullan Mór
Na Gleanntaí- Faisnéiseoir
- Brígid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall