Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mullanmore
- XML Leathanach 248
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin ins an am a rabhtar ag déanamh poitín tháinig saighdiúirí Ard a' Rátha anois leis an Abhainn Ruaidh go dtáinig siad go Duibhinn. Bhí triúr fear ar shiubhal go teach na stilleadh ag gabhail a biotailte. Bhí fear a dtugadh siad Seamus Mac Giolla Easbuig air. Bhí sé ag gabhail fághail leath-tonna féir domhaiste. Níor mhothuigh sé gur léim fear de na saighdiúirí isteach chuige ins an áit a rabh sé ag tómhas an fhéir. Cheangail sé rópa ar an mhéid féir a bhí tomhaiste aige agus chaith sé ar a dhruim é. D'imthigh sé abhaile. Bhí mála de bhraith milte aige sa teach. Thug sé amach é agus spreidh sé é ar mhullach an toighe agus chuir sé tighe anuas ar a mhullach.
Tháinig sé anuas as a dreimire, bheir ar chliabh agus chuaidh sé na phortaigh leis an chliabh. Nuair a fuair sé as amharc na saighdiúirí chaith sé de achan rud ach an léine ach na brístí. D'imthigh sé leis go teach stilleadh ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall