Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 395

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 395

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 395
  3. XML “Mághnus Ó Maolagáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an nimh san fheoil ag Mághnus dóibhthe ina dhiaidh sin, ach d'fhan sé na thost.
    Le sin ghnídh an bhrídeóg srófá.
    "Dia 's Muire leat, a ingín," ars a mathair a bhí na suidhe cómhgarach díthe. Ní rabh na daoine beaga sásta, ach thug Mághnus buidheachas do'n Rí faoi na anal.
    h-Óladh tuilleadh agus d'éirigh lucht na bainnse níos callanaigh. Thoisigh an tsean-bhean san choirneal í fhéin ag éirigh neamh-shuimeamhail. Le sin rinne an bhrídeóg srófách eile. Bhí na sídheógaí go díreach ar tí léimint anuas nuair a chuimhnigh an tsean-bhean uirthi féin agus ars sise go spadántach: "Dia 's Muire leat, a Ingín"
    Tharraing Mághnus anal fhada.
    "Bigidh réidh le léimint síos anois," ars ceann-phort na Sídhe. "Is linne í nuair a dheánfas sí an tríomhadh srofách; tá'n donas caillighe ionnan's a bheith bogtha.
    Chuaidh an bhaighteóir thart arais, thug gloinne eile de'n chaillighe agus chuir ar na cannai amach 's amach í; ní rabh fhios aici an lá na oidhche bhí ann ó sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann