Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 396
- XML “Mághnus Ó Maolagáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach.
Le sin ghnídh an bhrídeóg an tríomhadh srófach; níor labhair an mhathair.
"Dia 's Muire leat," ars Mághnus O Maolagáin ó'n mhaide mullaigh.
Ní luaithe bhí an focal ráidhte aige na buaileadh ar mhullach an chinn é agus thuit sé na chnap anuas i lár thábla an iteacháin. Sin an áit a rabh an sgur. Thuit na mná a laige, agus choisrioc na fir iad fhéin agus thoisigh coileach mór bán a bhí amuigh ar an tsráid a sgairtigh.
Thainig Mághnus chuige fhéin agus d'iarr ortha gan a bheith sgánnruighthe nó go rabh an chonntabhairt thart anois. Thoisigh sé agus d'innis sé dóibhthe mar d'innis mise díbhse. Bhí an lúthghair mhór agus an lúthghair bheag ar bhunadh an tíghe nuair a chualaidh siad caidé mar shábhail Mághnus an bhrídeóg ar na daoine beaga. Dubhairt an tsean bhean go dtabhairfeadh sí a ingean eile do Mhághnus agus fáilte. Cuireadh lorg ar Shagart Paroiste na nGleanntach gur phós sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann