Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin tháinig conair anuas an t-simléir agus fagadh na luighe é i lár an urláir. Léim an fear a bhí istigh ina sheasamh, bhain an clár de’n chonair agus d’éirigh an fear a bhí ins an chonair ina sheasamh agus dubhairt. “Bhí mise mo comhnuidhe annseo am amháin agus an timthire a bhí agam mharbh sé mé. Innseochaidh mise duit an áit a bhfuil sé ina chomhnuidhe agus gabh thusa ar maidin amárach agus croch é. Tá pota óir i bhfolach thoir annsin os cionn an chaisleáin agus thig leatsa an t-ór sin a fhághail.
Nuair a bhí iomlán ráidhte aige luighe sé síos ins an chonair arais agus fuair sé bás agus d’imigh an chonair suas an t-simléir.
An maidin lá thar na bharach chuaidh an fear seó go dtí an bheiric agus d’innis sé an sgéal do na gardaí. Chuaidh siad agus chroch siad an fear. Chuaidh sé annsin go dtí an áit a rabh an t-ór agus fuair sé é agus ní rabh sé lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Taobh Díomhaoin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cionn Garbh, Co. Dhún na nGall