Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 071
- XML “Oíche Bhealtaine”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mo chroidhe go headtrom le séidean sidheBhí an spéir buidhe ordha le solas gealaigheBhin crann gan bogadh 'san domhan na luighe.
Fuarthas seo ó Sorcha Ní Dhomhnaill(Aois ceithre sgór go leith) - Am amhain bhí fear ann agus ní rabh se ag faoiseadín lé fáda ariamh. Cia bith má bhí chuaidh sé ag faoisidín an lá seó. Núair a bhí sé astoigh ag an t’sagart ni thiocfadh leis smaoineadh ar a chuid peacaidh. Annsin d’fiafruigh sé do’n t’sagart caidé an doigh a gcongbheocadh sé [cuimhise]? ortha. Dubhairt an sagart leis achan peacadh da n’dheanfadh sé , é cloch bheag a chur isteach i mbocsa. Dimthigh se léis agus gach peacadh da dtearn sé ó sin amach chur sé cloch bheag i dtáisgidh o’s coinne gach peacadh da dtearn sé. Bordaí ar mí o’n lá sin thainig sé fhad léis an t’sagart aráis agus lán mála cloch beag léis agus dhoirt sé iad ag cosaibh an t’shagairt. “Caidé seó” arsá an sagart. “Tá” arsa’n fear “sín an méid peacaidh a rinne mé ó bhí mé annseó í roimhe”. “Bo, bo” arsá’n sagart. “Muise” arsa’n feár “Is beag is [fiú]? sin nó tá lán cárr ag teacht mó diaidh”.