Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 237
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí teaglach ins na Rosaibh Iochtarach tá fada o shoin agus fuair an t-athair agus an mháthair báß nuair a bhí siad óg. Chuaidh siad isteach ag an uncal agus d'fan siad annsin go dtí go raibh siad mór.”
Bhí teaglach ins na Rosaibh Iochtarach tá fada o shoin agus fuair an t-athair agus an mháthair bás nuair a bhí siad óg. Chuaidh siad isteach ag an uncal agus d'fan siad annsin go dtí go raibh siad mór. Nuair a bhí siad mór chuaidh siad go Merica uilig ach an buachaill a ba óige no ní raibh foghluim na leigheann aige agus níor thug siad leis é ar chor ar bith agus d’fagh siad ag an uncal é.
Annsin tháinig siad ar toisigh go maith in Merica agus annsin smaointuighadh siad gur mhaith leobhta an gasúr eile a thabhairt go Merica fosta agus go gcoinneochadh siad é eatortha féin é. Bí fear an áit ag dul go Merica agus thug sé an gasúr anonn leis. Ní thiochadh leis an gasúr cineál oibre ar bith a dheanamh cionnus na raibh leigheann ag bith aige.
Rinne siad suas go gceannóchaidh siad bromach do agus cart fosta. Cheannuigh siad gach uile seort plataí agus cupaí agus fó-cupaí agus rudaí mar sin. Chuireadh siad amach é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall