Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 244
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí bean ann uair amháin agus an t-ainm a bhí uirthe Náince Monagal. Bhí mac amháin aici aus phos sé ar bhean.”
Bhí bean ann uair amháin agus an t-ainm a bhí uirthe Náince Monagal. Bhí mac amháin aici agus phos sé ar bhean. Bhí an bas ag teacht ar Náince agus nuair a bhí sí ag fághail bhais sgairt sí ar bean a mac fhad leithe agus dubhairt sí “tá dha lachain agus bardáil amuigh annsin agus tá mé dá bhfágail agat sa”. “Spréadh ort na mharbh me iad sin do na daoine a bhí na shuidhe leat nuair a bhí tú tinn.
Dubhairt sí annsin, “tá péire planncod ins an bhosca sin agus nuair a gheobhadh mise bas cuir an planncoid seo orm ins an choinéar”. “Is mo atá siad a dhith orainn fhéin na ar do chuid sean crámha sa”, arsa an bhean. Dubhairt sí mur gcuirfidh se na plannchóid orm bíodh me olc díobh.
Fuair Náince bas agus cuireadh na planncoid uirthe. Bhí fear comursan agus bhí sé iongantach bocht. Ní rabh rud ar bith aige. Oidhche amháin d’imthigh sé leis go dtí an uaidh leis na planncoid a bhaint do Náince.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chanain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chanain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall