Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 291
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann uair amháin agus Seán a b'ainm do. Bhí sé ag siubhal ar an bhealach mhór lá amháin agus casadh fear eile leis.”
Bhí fear ann uair amháin agus Seán a b'ainm do. Bhí sé ag siubhal ar an bhealach mhór lá amháin agus casadh fear eile leis. Dubhairt sé leis an fhear seo gur goid fear punnta uaidh an oidhche roimh sin agus dubhairt an fear seo nár ghoid duine ar bith airgead uaidh. Nuair a chuala Seán an sgéal geall sé go ngoidfeadh sé an bráithlín a bhí faoi san leabaidh.
Dubhairt an fear eile na ghoidfeadh agus dubhairt sé dá ngoidfeadh go bheirfeadh sé céad punnta do. An oidhche sin nuair a bhí gach duine na luighe chuaidh seán go dtí an Roilig d’fosgail sé uaidh agus thug sé amach fear agus chuaidh sé go dtí an fhuinneóg seo. Chonnaic sé an fear na luighe san leabaidh agus gunna aige. Chuir Seán an fear marbh suas ar an fhuinnéoig. “Tá tú annsin a rógaire arsa’n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chanáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Chanáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall