Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    rabh fear aca dubh, agus go rabh an fear eile donn, go rachadh sé na shaothrughadh a fhortúin. d'imthigh sé agus a cú le n-a chois, a seabhach le n-a bois, agus each caol dubh faoí n-a thóin; claidheamh dubh a dá lann a bhainfeadh sioc de'n ghaoth agus nach mbainfeadh an ghaoth ribe do. thug sé bocsa do n-a dhearbhrathair sul ar imthigh sé, agus dubhairt sé go mairfidhe eisean nuair a d'éireochadh taobh an bhocsa dubh.
    ní rabh a fhios aige cé an bealach a rachadh sé ach smaoitigh sé go dtabhairfeadh sé an ghaoth ina thóin leis. Siubhail sé leis go dtí neóin bheag agus deireadh an lae, éanacha beaga na coilleadh ag gabhail faoí thom agus dídean dóibh fhéin. Bhí eagla air go mbéadh sé caillte, agus nuair a bhí sé dorcha chonnaic sé solus astoigh i gcionn coilleadh. Tharraing sé ar an tsolus.
    Bhí sean-bhean astoigh sa teach agus chuir sí míle fáilte roimhe Dhonn Mac a'Díorfaigh. D'fhiafruigh sé díthe an rabh biadh ar bíth ins an teach, agus dubhairt sí nach rabh mórán, ach go bhfuigheadh sé cé bíth a bhí aicí.
    Chuir sí an grideal ar na h-aibhleóga agus rinne sí (amach) toirtín de mhín eórna. Chuaidh sí amach aus bhlighe sí an gabhar, agus thug sí gugán de'n bhainne do, agus tuirtín aráin. Nuair a bhí a chuid deánta aige chuaidh sé amach agus chualaidh sé an ceól ins an choilleadh. D'fhiafruigh sé do'n tsean-bhean caidé a bhí ann. "Droch-mhúineadh ort," arsa sise, "an i bpoll no i bhplochaigh, i n-umhaigh no i n-oilean a tógadh thú, no nar chuala tú sin aroimhe?" "Inghean ríogh atá san áit seo agus tá sí fá gheasa. Theidheann sí 'na coilleadh gach lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nora Bean Uí Dhuirnin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall