Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 165
- XML “Báthadh Áranna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ach fuair siad subhailce anuas ón Árd-Rí
A thóg cian ‘s buaidhreadh go mór d’a gcroidhe
Sin go rabh a gclann ‘s a n-anam slán
Go hárd ar neamh i bhFlaithis Dé
4
Nár mór an tubaiste bhí amuigh sa bháighe,
Lucht an bháid sin a ghabhail go tóin;
Is cosamhail go raibh an báthadh ‘ndán dóibh
Nuair a fágadh mar sin iad sa tsáile ruaidh,
Ach tá an chléir ag guidhe go cráibhtheach
Le iad a bheith le fághail annsin gan mhoill
Is beidh na cuirp go fóill ar fhághail
Le ghabhail faoi fhód in a roilig fhéin
5
Is tá na tíortha uilig ag cruinniú suas,
Le cabhair a thabhairt don drean ar a leag Dia lámh;
Is níl Gaedheal no Gall ó seo go Spáinn,
Nar dhíol go fiall ins an chruinniú ann;
Béidh cuidiú ‘s tárrthail ag teacht gach lá
Le grádh ‘s truaighe go gach aon don dream
Is tá dúil is furthacht agam nach dtig leithéid de chrádh
Ar Árainn Mhóir fad ‘s bhéas sí ann
Eanáir 1936- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgain
- Inscne
- Fireann