Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 19

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 19

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 19
  3. XML “Iníon Mhic Suibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    stócach thart agus chuir ceist uirthí caidé thug annsin í.
    D'innis sí dó. D'iarra sé uirthi a theacht leis and go dtabhairfeadh seisean obair dí. Chuaidh sí leis go Leitirceanainn agus chuaidh sí thabhairt amach snáth. Bhí dóigh mhaith uirthi annseo. Shaoil Labhras go rabh a bhean marbh, agus is iomdha lá a casadh a bhean dó ach níor aithin sé í, acht d'aithin sise eisean.
    Lá amháin bhí sí 'na suidhe istoigh agus chonnaic sí fear dubh agus greim muinéail aige ar labhra agus é ag iarraidh ocht bpighinn déag no punta de na chuid feóla. Chuaidh sí amach agus dubhairt sí leis an fhear dubh go bhfuigheadh sé punta de na chuid feóla acht gan é fuil ar bith a tharraingt. Ní rabh an fear dubh ábalta seo a dhéanamh agus d'imthigh sé leis.
    Annsin d'aithin labhras a bhean, agus thug sise léithe é, agus chuaidh an bheirt a chomhnuidhe i Leitirceanainn agus bhí ádh maith ortha ó sin amach.
    Eanair 1935
    Tomas O Dubhthaigh as an Áirdmhín, clochan-Liath, a d'innis an scéal seo. Fuair sé bás in 1928 i gcionn a cheithre mbliadhan agus ceithre fichid. Feirmeoir beag a bhí ann agus chaith sé a shaoghal ins na Rosaibh acht go dtéigheadh sé anonn agus anall go hAlbain. Rugadh agus tógadh é ar an Áirdmhín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomas O Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall