Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ní tháinic éireannach ar bith isteach annseo," arsa bean an toighe.Chuartaigh an fáthach agus fuair sé an gasúr faoi'n bhairille. Bhuail sé buille de shlait draoidheachta air agus rinne sé carraic cloiche de.Nuair a bhí bliadhain caithte dubhairt an dara mac, "Tá mo dhearbhrathair ar shiubhal le bliadhain anois agus tá an t-am agamsa imtheacht fosta."Rinne a mháthair tuirtín dó agus d'imthigh sé leis. D'éirigh an rud céadna do-san a d'éirigh don chéad mhac.Chuaidh bliadhain eile thart agus dubhairt an mac a b'óige go raibh an t-am aige fhéin imtheacht a shaothrughadh. Rinne a mháthair tuirtín dó agus d'imthigh leis. Nuair a tháinic am dinnéara shuidh sé síos a dhéanamh a chodach. Tháinic fear beag ribeach ruadh fhad leis agus d'iarr sé cuid air. "Ní thabhairfidh mé cuid ar bith duit," ar seisean leis, ach suidh síos annsin i mo chuideachta agus ith do dhothán."Nuair a bhí siad réidh thug an fear beag buidheachas do agus ar seisean, "Seo píosa beag éadaigh duit dar b'ainm Cloigeann Darach agus nuair a chuirfidh tú ar mhullach do chinn é ní fheicfidh aon duine thú; seo bocsa ola chugat fosta agus dhath ar bith a gcuirfidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aodh ac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 77
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Loch Achair, Co. Dhún na nGall