Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 20
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Anna bean Mhic Amhalaidh as Cró-beithe, an clochab-Liath, Tírchonaill a d'innis an scéal seo thíos. Tá sí beo go fóill agus í ag druidim suas le 70 bliadhan d'aois. Bean feirmeora atá innti. Rugadh agus tógadh í a gCróbheith.Na Trí DuaiseannaBhí fear ann uair amháin agus fuair a bhean bás, agus d'fhág sí gasúr agus giorrsach bheag ina diaidh. Phós an t-athair arais, agus bhí an leas-mháthair iongantach olc don bheirt pháiste ba ghnáthach léithe iad a bhuaileadh go mí-trócaireach.Lá amháin chuaidh an díleachta giorrsaighe amach 'na gharraidh a bhaint rósaí a chuirfheadh sí ar an altóir, agus chonnaic sí triúr fear, scannruigh sí ar dtús ach nuair a d'iarr sean-duine a bhí comhgarach do'n triúr fear déirce uirthi, thug sí an phighinn deireanach a bhí aicí do. Thug sé buidheachas díthe agus chuir sé ceist ar na fir goidé a ba mhian leo éirghe díthe.Is maith liomsa nuair a théid sé a gháiridhe arsa an chead fhear, "go dtuitfidh rósaí ó na beal."Is maith liomsa" arsa an dara fear, "go dtuitfidh pearlaí ó na súile nuair a théid sí a chaoineadh."Is maith liomsa" arsa a tríomhadh fear,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall