Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 24
- XML “Na Trí Duaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Ríogh cuireadh fáilte mhór rompa. Pósadh ingean na lea-mháthara ar an rí agus bhí bainis mhór aca. Lá amháin cuireadh athas mór ar an mhnaoi óig agus thoisigh sí a gháiridhe. Le sin thuit na h-easconnaí nimhe ó n-a béal. Nuair a chonnaic an rí seo ghlac sé fuath do n-a mhnaoi agus chuaidh sé amach 'na ghárraidh agus mharbhuigh sé an gasúr ag déanamh gur innis sé bréag do. Chuaidh sí amach annsin agus leig sí uithi fhéin go rabh buaidhreadh uirthi, agus dubhairt sí nach dtiocfadh sin uirthi ach i gcionn a leithead seo de dháta agus annsin go mbeadh sí comh deas agus bhí ariamh. Dubhairt sí fosta go gcaithfhide a dearbhrathair a chur go h-onórach.Bhí buaidhreadh mór ar an rí nuair a thainic sé goidé a bhí déanta aige, agus fuair sé comhnair dheas dá tugadh an chomhnair go teach an phobail agus fágadh annsin í. Cuireadh cuid mhór saighdiúirí a coimhead ar eagla is go n-éireochadh dadaidh de.Fa thuairim an dó-dhéag ó chlog thuit na saighdiúirí uilig na gcodladh agus thainig lach fhiadhain dheas isteach agus chraith an cluimhread díthe fhéin agus thionntuigh sí ina cailín dheas dhóigheamhail. Chuaidh sí go dtí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Mhic Amhalaidh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall