Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí ingean an roigh iongantach uaigneach annsin agus chuaidh sí go dtí dall a bhí ar an bhaile. "Tchím,' arsa'n dall, "Tá obair mhór os do choinne; imthigh leat síos go dtí an áit a dteachaidh an girrfhiadh amach; tabhair leat snáth síoda agus rotha agus túirne. Tiocfaidh bean fad leat agus iarrfaidh sí an snáth síoda ort. Abair thusa go dtabhairfidh ma thaisbeanann sí mac iascaire bocht na hÉireann go dtí an muinéal ins an fhairrge duit agus taisbeaneochaidh sí sin duit. Tiocfaidh sí annsin agus iarrfaidh sí an túirne ort. Abair thusa go dtabhairfidh ma fhágann sí mac iascaire bocht na hÉireann ina sheasamh ar do láimh agat."D'fhág an mhaighdean mhara mac iascaire bocht na hÉireann ina sheasamh ar a láimh. Rinne sé seabhac do fhéin agus d'imthigh leis go raibh sé ins an domhan thoir. Chuaidh sé isteach i dteach annsin agus d'iarr obair ar muintir a'oighe. Dubhairt bean a' toighe go dtabhairfidh ach go raibh fathach thall ins an choillibh agus é fhéin a choimead air. D'imthigh sé amach a bhuachailleacht.Chuir sé a dhruim le claidhe a bhí thart ar an choillidh, agus chuaidh sé suas ar chrann agus thoisigh sé a ithe na h-ubhlaí milis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall