Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 44
- XML “Iascaire Bocht na hÉireann”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an eochair agus d’fhoscail ach a’n doras go dtí go raibh sé ins an seiseadh seomra déag. Cé bhí istoigh annseo ach íngean an ríogh agus í ag léigheadh leabhair. Pósadh í fhéin agus mac iascaire bocht na hÉireann agus bhí baineas aca a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche agus bhí mise thiar faoi’n tábla agus mé ag ithe na gcnámh.
23adh Márta 1935 (gan teideal)
“Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás.”
1. Bríghid Ní Dhochartaigh as Gaoth Dobhair a d’aithris. Tá sí fa thuairim 60 bliaidhan anois. Chualaidh sí an scéal ag n-a máthair.Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás. Thóg an mháthair an gasúr go cúramach agus ní leigfeadh sí dó obair ar bith a dhéanamh. Aon lá amháin nuair a bhí an gasúr bliadhain is fiche d’iarr an mháthair air a ghabhail agus dornán airgid a shaothrughadh a cheannochadh tráth bídh. Ní thearn an gasúr dadaidh ach a dhul anon go dtí sciobol preataí a bhí ag fear de chuid na háite agus thug sé leis mála preataí. Nuair a phill sé arais d’fhriafruigh a mháthair do ca bhfuair sé na preataí. Dubhairt sé léithe gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dochartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall