Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 45
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ghoid sé as an sciobol iad. “Ó,” arsa ‘n mháthair, “ cad chuige a dtearn tú sin? Nach bhfuil a fhios agat go mairbhfidh fear na bpreataí thú!
“Ca mharbhuigheann,” arsa’n gasúr. “no rachaidh mise agus saothrochaidh mé luach na bpreataí.”
Ar maidin lá thar na bhárach níor stad an gasúr go dtí go raibh sé thall ag fear na bpreataí agus go dtearn sé margadh leis ar feadh leithbhliadhna. Ba í an chead obair a thug an fear le déanamh don ghasúr cloch mhór a bhí i gcionn de na cuibhrinn a chur iteach ins an claidhe. Thug an gasúr leis cró-iarainn agus thug iarraidh an hloch a bhogadh. Nuair a bhí sé ag glanadh thart fa’n chloch chuir ainmhidhe a cloigeann anuas ó bharr na cloiche agus thug iarraidh an gasúr aithe. Ní thearn an gasúr dadaidh ach léim a thabhairt suas ar an chloch, greim a fhághail ar an bheathach állta agus a chaitheamh anuas ón chloich. I rith an lae sin bhí an gasúr ag coimhead teach mór sclátaí a bhí taobh thoir de. An oidhche sin chuir sé ceist ar a mhaighistear caidé bhí ins an teach mór. Dubhairt an maighistear leinach raibh a dhath ann ach taidhbhsí, “agus,” ar eisean, “ma fhanann tusa ann trí oidhche bheirfidh mé mála óir duit.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dochartaigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall