Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an fathach ina chodladh agus a chrann ar ghlúin ingean a’ ríogh.
léim an gaduidhe amach as an bhád agus d’imthigh leis a’ tarraingt ar theach an fhathaigh. Nuair a bhain sé an teach amach bhí an fathach ina chodladh mar dubhairt an fear a raibh an fios aige. Thoisigh an gaduidhe a ghoid ingean a’ ríogh, giota beag anois agus giota beag arais agus a’ cur éadaigh isteach ina háit go bhfuair sé leis í. D’imthigh sé fhéin agus ingean a’ ríogh a’ tarraingt ar a’ bhád. Chuaidh siad uilig ar bórd annsin ags thug siad a n-aghaidh ar Éirinn.
Ní theachaidh siad i bhfad go bhfacaidh siad an fathach a’ tarraingt ortha sa spéir ina chraos teineadh. “Anois,” arsa fear a’ fis le fear a’ ghunna, “sé do sheal-sa a theacht anois agus amharc goidé thig leat a dhéanamh; tá ball faoi’n ascaill chlí agus mar’ mbuailidh tú an ball ní bheidh tú ábalta é a mharbhadh agus cuirfidh sé muid uilig go tóin na fairrge”
Chaith fear a’ ghunna é fhéin ar shlait chúil a chinn agus nuair a thainic an fathach os os a chionn scaoil sé leis. Bhuail sé an ball agus thuit an fathach anuas ar a’ tsoitheach agus scoilt sé í ó chionn go cionn. Ins an bhomaite tharraing an saor-adhmaid amach a chasúr, bhuail sé buille thall agus i bhfus uirthí agus rinne sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Paidí Ac Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Bun an Bhaic, Co. Dhún na nGall