Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cáit, Bean Uí Chonaill, Leitir Catha a d'innis an scéal seo. Fuair sí bás tá sé bliadhna ó shoin in aois cheithre scor. Níl a fhios agam cé aige a chualaidh sí an scéal ach bhí a lán de shean-scéalta aici. Chaith sí deireadh a saoghail i Leitir Catha.Mar Fuair Mac Riogh na hÉireann a ChéileBhí rí i nÉirinn agus ní rabh aige ach mac amháin. Lá amháin ins an Gheimhreadh bhí mac an riogh ina shuidhe ar chathaoir thuas ins an teach barr ina chaisleán, agus é ag cur doighe ar a chuid acrai. Tharluigh sé go dtainic an scian ar a mhéir agus thoisigh an fhuil a teacht. Bhí an áit a rabh sé ina shuidhe comh gallanta a's nar mhaith leis an turlár a shaladh leis an fhuil a bhí ag teacht as a mhéir. Thóg sé an fhuinneóg agus shín sé amach a lámh. Thainic éan dubh agus thoisigh sé a gh'ól na fola. Bhí brat maith sneachta ar an talamh.
Maidin dheas gréine 'bhí ann. Bhí an deirge a bhí ins an fhuil agus an duibhe a bhí ins an éan agus an ghile a bhí ins an t-sneachta ag amharc íontach deas i suilibh mhic an riogh. Smaoitigh sé dá gcasaidhe bean aige a mbeadh a gruaig comh dubh le cleithe an éin; a croiceann comh geal leis an t-sneachta agus a pluca comh dearg leis an fhuil a thuit uaidh-san ar an t-sneachta go mbeadh sé i gceart.
Thainic sé anuas a' staighre agus d'innis sé dó n-a athair caidé bhí dhíoghail air. "Bhal," arsa an t-athair, "a mhic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall