Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 208
- XML “An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhriseadh: bris agus thuit an fáthach marbh.
D’fhág an Bhean Ghlas slán ag an bhuachaill annsin agus d’iarr sí air nuair a rachadh sé na bhaile gan phóg a thabhairt do dhuine ar bith no go ndeanfadh sé dearmad duithe.
Bhí mile fáilte roimhe san bhaile. Cha dtug sé póg do dhuine ar bith acht nuair a bhí sé ‘na suidhe ar a shuaimhneas caidé a rinne cú acht póg a thabhairt do. Rinne sé dearmad de’n Bhean Ghlas agus roimhe i bhfad bhí sé ag gabhail a phósadh mná eile.
Bhí tobar i n-aice leis an toighe agus bhí crann ag taobh an tobair. Thainig an Bhean Glas agus chuaidh sí suas ins an crann. Nuair a chuaidh deirbhsiúr na brídeoige amach fa choinne uisge, chonnaic sí sgáile na Mná Glaise agus shíl sí gur b’é a sgáile fhéin a bhí ann. Bhris sí na stopaí ionnus nach gcuirfidhe amach aríst i fa choinne uisge.
Chuaidh cailleach na gcearc amach annsin agus chonnaic sí an sgáile ceadna. Smaoitigh sise nach raibh sí comh coigheamhail leis an sgáile a bhí san tobar. D’amharc sí suas ins an crann agus chonnaic sé an bhean ghalánta ina suidhe ann. Thainic sí anuas a cainnt léithe. D’fhiafruigh sí díthe an dtabharfheadh sí coileach óir agus cearc airgid isteach chuig an tábla a raibh an lanamhain óg in suidhe aige. Dubhairt sí go dtabhairfeadh. D’iarr sí uirthí grainnín cruithneachta a chaitheamh chuca agus nuair a d’íosfadh siad é ceann eile a chatheamh chuca,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall