Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 214
- XML “An Gearrán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)glanta aicí dar léithe go gcuirfeadh sí síos a ceann go bhfeicfeadh sí goidé a bhí síos. Chuir sí síos a cos agus nuair a tharraing sí aníos í ní raibh uirthí ach fuil uilig.
Thug sí leithe cadac agus sgála uisce agus nigh sí a cos go raibh sí tuirseach ach ag deireadh an ama sin b’eigean duithe stad; ní raibh sí ábalta an fhuil a nighe.
Chuaidh sí amach a bhlighe na bó. Nuair a bhí sí ag teacht isteach bhí cat beag dubh ina suidhe ag an doras.
“Tabhair damh braon báinne” arsa an cat.
“A phéisteóg salach” arsa an cailín, “tá an bainne uilig de dhíth orainn fhéin.”
“Maith go leor,” arsa an cat.
Nuair a thainic an fáthach d’fhiafruigh sé do’n chailín ar ghlan sí na seomraí. Dubhairt sise gur ghlan.
Chuir sé ceist uirthí an rabh sí ins an tseomra iochtarach. Dubhairt sise nach raibh.
“Cuir amach do chosa” arsa an fáthach. Chuir sí amach ceann aca.
“Tá sí sin bréagh glan” arsa an fáthach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall