Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 233
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ina cois. Dubhairt sí leis an giorsaighe go ndeanfadh sí an obair díthe dá dtabhairfeadh sí cuireadh ‘na bainse díthe agus dubhairt an ghiorsach go dtabharfadh. Rinne an bhean an obair díthe agus nuair a tháinig an Rí ‘un an bhaile bhí an obair uilig deánta ag an ghiorsaighe.
An tríomhadh lá cuireadh isteach ins an tseomra céudna í agus h-iarradh uirthi culaith a bheith deánta aice do mac an Ríogh nuair a thiocfadh siad-san arais ag luighe na gréine. Nuair a d’imthigh siad shuidh an ghiorsach agus thoisigh sí a chaoineadh. Ba ghoirid go dtáinig bean go dtí an doras. Thiormuigh an ghiorsach a cuid súl chuaidh sí síos agus d’fhosgail sí an doras. Cé a bhí ann ach bean a raibh gaothsán mór uirthi. Nuair a tháinig sí isteach, chuir an ghiorsach ceist uirthi caidé a tháinig uirthi, agus dubhairt sí gur choinnigh a fear ag obair í go dteachaidh a raibh de fhuil in a corp isteach ina gaothsán. Dubhairt sí leis an giorsaighe go ndeanfadh sí an obair díthe dá dtabhairfeadh sí cuireadh ‘na bainse díthe, agus dubhairt an ghiorsach go dtabharfadh. Rinne an bhean an obair díthe agus nuair a tháinig an rí ‘un an bhaile bhí an obair uilig deánta ag an ghiorsaighe. Bhí an ríogh iongantach sásta agus fá chionn seachtmhaine pósadh mac an Ríogh agus an ghiorsach.
Nuair a pósadh an bheirt aca, thug an ghiorsach cuireadh ‘na bainse do’n bean a raibh an lámh mhór uirthi, agus do’n bhean a raibh an chos mhór uirthi, agus do’n bhean a raibh an gaothsán mhór uirthi.
Brígid Bhreatnach, Áirdmhín Clochán Liath(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seorsamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall