Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eóghan Ó Gallchobhair 23.11.37
Scéal Fionn agus na Fianna
Bhí sin ann agus is fad ó bhí ins an t-sean-aimsire,
Chualaidh mise m’athair ag rádh gur chulaidh seisean cómharsa ag rádh. Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag seilg agus mharbhuigh siad cuid mhór éanach agus gearrfhiaidh agus carrfiadh. Bhí siad i bhfad as baile agus chuaidh siad ar seachrán. Chonnaic siad coillidh comhgarach dóbhtha agus chuaidh siad isteach sa choillidh, agus scrócadh agus scialladh iad ar na géaga a bhí ann.
Le clap-sholus chonnaic siad solus i bhfad uatha agus i ndeas dóbhtha agus tharraing siad ar an tsolus. Bhuail siad ar an doras agus foscladh an doras dóbhtha. Chuir fear a’toighe fáilte agus céad rompa agus d’iarr Fionn lóistin go maidin no go rabh siad tuirseach agus ocrach. Dubhairt Fionn leis an dtiocfadh leis biad ar bith a thabhairt dóbhtha. Dubhairt fear an toighe nach rabh mórán le h-ithe ac cia bith a bhí ann go dtiocfadh leo é a bhéith aca. Dubhairt Fionn go rabh neart leobhtha fhéin eadar éanlaith agus gearrfiaideacha agus carrfhiadeacha, da mbeadh sé réidh. Dubhairt fear a’toighe go rabh móin agus neart preataí aige agus go dtiocfadh leo teine bhréagh a chur síos, go rabh maoiseog mhór phreataí i gcionn an toighe agus go dtiocfadh leobhtha iad a bhruith dóibh fhéin. Ní rabh siad i bhfad go rabh gach rud gléasta aca fhéin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eóghan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall