Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’innis sé do Sheán fosta go gcaithfeadh gach soitheach dá mbeadh aici seo a bheith deánta d’ór. Mar sin de, deánfaidh muid soithigh amach a’s an mhéid ór a bhí ag m’áthair istoigh ins an tseomra sin shíos. Nuair a bhí seo uilig deánta aca d’imthigh sé fhéin agus Seán go raibh siad ins an domhan thoir.
Bhí siad eadar dhá chomhairle anois óir ní rabh a fhios aca cá raibh an cailín óg seo ina comhnuidhe. Fá dheireadh tháinig siad go dtí tobar beag agus caidé do bharamhail a bhí ag an tobar ach an cailín agus í ag tógáil uisge i soitheach óir. Labhair sí go caoin leobhtha ach ina dhiaidh sin ní rabh cuma uirthi gur aithin sí iad. Thaisbeáin Seán na soithigh díthe go dtí go dtug siad isteach ins an bhád í, agus níor aithin sí ariamh go rabh sí ar shiubhal a’s baile, go dtí go rabh sí amuigh i lár na fairrge.
Leig Seán air fhéin go rabh sé ina chodladh go bhfeiceadh sé caidé bhéadh Mac Domhnaill agus an cailín ag cainnt air no ar aithin sí é i rith an ama. Níor chualaidh sé a dhath ach éan a bhí shuas ins an spéir ag rádh: “An chead dhamhsa a dheánfas an cailín seo ins an domhan thiar rachfadh an chulaith
a bhéas uirthi le teinidh ach ins an bhomaite caithfidh duine éiginnteacht an chulaith a bhaint díthe agus í chaitheamh isteach ins an teinidh”
Nuair a chuaidh sé giota eile chualaidh sé éan eile ag rádh:An chead oidhche a bhéas an [cailín?] seo ag damhsa rachaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall