Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a phill sé arais ag brath fanacht ins an bhaile d’éirigh sé dall agus aosda.
    Bhí buachaill ar fastódh ag Naomh Pádraig agus lá amháin bhí sé fhéin agus Oisín amuigh ag siubhal agus goidé a chonnaic siad ag tarraingt ortha ach cú nimhe. D’innis an buachaill do Oisín goidé bí ann. “Anois,” arsa Oisín, “cuir an spíce sin atá leat in mo láimh-sa agus conbhuigh díreach os coinne na con é”
    Rinne an gasúr mar d’iarr Oisín air agus mharbhuigh Oisín an cú leis an spíce. Níor ith a shaith ó chuaidh sé go Tír na h-Óige agus bhí sé caillte leis an ocras. “Tá mise ag gabhail a ithe seo," arsa seisean, ach tá mé ag iarraidh ort-sa gan a bheith ag amharc orm nuair a bhéas mé a ithe.”
    D’ith sé leis ach ina dhiaidh sin bhí an gasúr ag amharc air.
    “An bhfuil a fhios agat” arsa seisean le hOisín “caidé rabh tú cosamhail leis nuair a bhí tú bhí tú ag ithe, bhí tú go díreach cosamhail leis le sruth muilinn”
    Aon lá amháin eile nuair a bhí siad amuigh d'iarr sé ar an bhuachaill fideóg a thabhairt chuige. Thug agus goidé do bharamhail rinne sé fead agus bhí eagla ar Naomh Pádraig go gcluinfeadh an mhuinntir i dTír na h-Óige an fhead agus bhain sé an fhideóg dó. Níor luaithe a bhain sé an fhideóg dó nó fuair sé bás.
    Sgéalaidhe: Seán Ó Cinnéide, Cró Pádraig, Clochán Liath
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall