Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 300
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí dhá mac déag de teaglach acú. I gcomhnuidhe bíodh an bean ag rádh gur maith léithe ingean a beith acú.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ag imtheacht anois amach 'na coilleadh go bhfeiceadh mé an bhfuigidh mé leid"
D'imthigh an cailín léithe amach 'un na cilleadh agus teacht na h-oidhche tháinig an dá gé déag isteach 'un na coilleadh, agus dá luathas agus bhí siad ins an coillidh thionntuigh siad ina ndaoine saoghalta. Ins an oidhche i gcomhnuidhe bhíodh siad ina ndaoine saoghalta agus ins an lá bhíodh siad 'ina ngeacha fiadhaine.
Bhí cró beag toighe déanta acú agus d'fhan an cailín acú i rith na h-oidhche agus an luthghair a bhí ortha nuair a d'innis sí daobhtha cé ar bhí í fhéin. Bhí cumhaidh mór ortha nuair a bhí sí ag imtheacht uatha ar maidín.
Lá amháin, ocht mbliadhna ina dhiaidh sin bhí mac an ríogh amuigh ag siubhal nuair a bhí sé ag teacht thart le teach na giorsaighe. Chonnaic sé í amuigh ag an garraidh agus chuir sé ceist uirthí an mbéadh sí mar mhnaoi aige. Chuaidh sí isteach 'un toighe agus chuir ceist ar a h-athair agus ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall