Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 305
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i gCroich-shlíghe am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Paddy Anna. Bhíodh dúil mhór aige i n-imirt chárdaí agus oidhche amháin bhí sé ag imirt chárdaí go dtí go raibh sé an dó a chlog ar maidin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an phobail agus thuit sé ina chodhladh. Nuair a d’fhosgail sé a shúile chonnaic sé paca cárdaí ar thábla os a choinne. Sgannruigh an fear agus ghearr sé an chroich chéasta air fhéin.
Nuair a chuaid sé na bhaile dhóigh sé na cárdaí agus go dtí lá a bháis níor iomchair sé paca cárdaí. Ba é an rud a dubhairt sé ar lá a bháis gan duine ar bith paca cárdaí a iomchair ina phóca nó go raibh an diabhal ag siubhal leis an duine sin.
Sgéalaidhe: Domhnall Ó Domhnaill, Tullaigh Clochán Liath 75 bl.Scéal
“Bhí buachaill ann aon uair amháin agus pósadh é. Ní raibh sé i bhfad pósta go bhfuair sé bás.”
Bhí buachaill ann aon uair amháin agus pósadh é. Ní raibh sé i bhfad pósta go bhfuair sé bás. Bhí garradh galánta ag tóin a’ toighe agus cupla lá sul a bhfuair sé bás chuir sé dhá chrann ann; bhí ceann aca geal sa bhlath agus bhí an ceann eile dearg. Fágadh a bhean léithe fhéin agus bhí beirt ingneach aicí, Ros agus Sneachta. Téidheadh siad fríd na páirceanna gach lá ag piocadh neoiníní, agus deireadh Rós le Sneachta; “Ní thiocfadh le duine againn an duine eile a fhágail.”
Bhíodh an mháthair ag cnoitail i gcomhnuidhe agus ghnídheadh na cailíní beaga obair a’ toighe. tháinic an geimheadh, agus an geimhreadh fuar ach níor mhisde leis na giorsachaí ar an ádhbhar go raibh cruach mhónadh aca le cois a’ toighe. bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- 1414074 (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)