Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 17
- XML “Oileán na gCónrach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá oileán ar thráigh na Cruite ar a dtugtar Oileán na gConrach. Tá an tráigh seo idir an Chruit agus beal na Cruite i bParóiste "Teampall Cróin" Iochtarach.
Tá cuid mhór oileán eile ar an tráigh seo acht tá an ceann seo ar a bhfuil muid ag tracht sgaithte ón cuid eile. Tá sé ar an bhealach direach idir an Chruit agus Ceann Caslach.
In aimsir an droch-saoghal (1847-48) bhí cuid mhor daoine ag fagháil bháis leis an ocras agus leis an aicid. Bhíodh torramh no beirt gach lá. Ní rabh roilic ar bith thart fán cheanntair seo san am acht Roilic na Cruite. Nuair a bhíodh an torramh ag teacht treasna na tragha leigidhe síos na comhnair ar an oileán seo agus glacadh na daoine sgithiste. Leanadar do'n nos seo agus an deireadh a bhí air gur b'aisteadh "Oilean na gConrach" ar an oilean beag seo agus sin an ainm atá air go dtí an lá bhfuil indiu ann.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall