Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 18
- XML “Carraic na Spáinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- At thráigh Mullach Dearg tá carraic agus bheirtear "Carraic na Spainne" air . Tá an tráigh seo ar an taobh thuaidh de na Rossa Iochtarach.
An t-am a scaipeadh an t-Armada, cailleadh cuid mhór de na luing thart ar Éirinn. Tháinig ceann aca isteach annseo agus briseadh í ar an charraic seo. Deirtear go dtáinig cuid den fhuireann i dtír agus gur chomnuidhe siad thart annseo. Deirtear fosta go bhfuil cuid den treabh beo annseo go fóill. Ta teaghlach amháin i Mullach Dubh - Dalaigh an sloinneadh atá ortha agus deirtear gur óna daoine a tháinig i dtír ón bhád sin a shiolruigh siad. Daoine laidir atá ionnta gruag dubh ortha agus iad rud beag dubh sa chroicean fosta.
Deireadh na sean daoine go rabh cuid mhor ó ar an bhád agus go bhfuil sé na luighe ann go fóill. Ar lá ciúin thiocfadh leat fuirm an bháid a dheánamh amach thíos faoit.
Bhíodh siad a rádh fosta go rabh a bhean leis an chaiptin ar bórd agus go rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Antoin O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall