Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 42
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuid mhór luibheanna thart annseo, agus tá siad iongantach usaideach.
Cul faith. Tá an súgh go h-iongantach maith fa choinne briucíneach. Fasann cul-faith achan áit fríd na chuibreann.
Learcan garb. Tá an súgh go maith fa choinne na bá nuair a bhíonn casadach ortha. Fasann deilige ar an learcán garbh, agus fasann siad ins an geinimh.
Learcán mín. Nuair a bhíonn casadach olc ar dhuine tugtar súgh learceannaí mín do. Is iomdha duine a bhí casadach olc air agus nuair a fuair sé súgh learceannaí mine ní rabh sé i bhfád ag fághail biseach. Fasann learceannaí míne isn an geinimh.
Barchán. Tá an sugh go maith leis an fhuil a ghlanadh. Fasann sé an aiteannaí boga cosamhail le seascan. Tá blas gear air an sugh. Tá an súgh níos fearr ma tá sé cupla lá fuinn talamh.
Slaite dubha. Tá slaite dubha maith fá choinne an truich. Tá an libh sin deacair a fhághail.
"Gath Searbhán" Go maith fa choinne casadach. Fasann siad achan áit fríd na cuibreann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nora Ní Gallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Gallchóbhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall