Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 54
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí na preataí ag fás ins na cuibhreann lobh siad ins an talamh fluic ach bhí cuid aca maith agus sin an doigh a fuair na daoine an síol an bhliadain na diaidh sin. Bhí ocht millian go leith daoine sa tír roimhe an droch saoghal. Fuair cuid mhór daoine bás leis an ocras agus leis an fiabhras. Bhí neart coirce curtha ag na daoine san áit seo agus bhí an cuid is mo de na preataí maith. Ach nuair a lobh siad an bhliadain na diaidh sin beigean do na daoine turnapaí agus cúl faith agus achan rud a ithe. Bhí biadh gann san bliadhain 1852 fosta cionnas gur lobh na preataí. Mhair an droch shaoghaol ar feadh cúpla bliadhain.
- Bailitheoir
- Gráine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 91
- Seoladh
- An Chruit, Co. Dhún na nGall