Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 12
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Jack agus Máire in a gcomhnuidhe i dteeach beag ar thaobh an róid. Bhí siad íontach bocht sa t-saoghal agus bhí Jack amuigh ag briseadh clocha gach lá.”
Sgéal
Bhí Jack agus Máire in a gcomhnuidhe i dteach beag ar thaobh an róid. Bhí siad íontach bocht sa t-saoghal agus bhí Jack amuigh ag briseadh clocha gach lá.
Lá amháin bhí Tighearna an talamh ag dul thart ar druim beathaigh is chaill sé mála airgead. Chonnaic Jack an mála ag tuitim, agus thug sé é isteach chuig Máire é. Bhí athas mhór ortha annsin. Dubhairt Máire le Jack go gcaithfadh sé a dul na sgoile amarach no ní thiocfadh leis a bheith na duine usail gan léigheann. Chuaidh Jack na sgoile ar maidín. Nuair a chuaidh sé isteach na sgoile thoisig na páistí ag gairidhe agus ag magadh faoi. Glac Jack bocht náire agus d’imthigh sé amach as an sgoil. Chuaidh sé a bhaile agus chuaidh amach a briseadh clocha. Thainic Tighearna an talamh thar an trátnóna sin, agus d’fiafruigh sé do Jack ar fhacha sé mála airgid. Dubhairt Jack go bhfaca agus go bhfuil sé ins an teach ag Máire. Chuaidh siad isteach un toighe chuig Máire.
“Cá bhfuil an mála airgid a thug mé isteach chugat indé? Is leis an Tighearna é.
“Caidé’n mála airgead a thug tú isteach chugam-sa” arsa Máire.
“Nár thug mise mála airgid isteach tráthnóna indé”.
“Druid do bhéal agus bíodh céill agat”, arsa Máire.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn O Domnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- P. Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall