Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arbhair ua na buailteóirí sin thall”.
Ar shiubhal leis fhad leis na buailteóirí.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na buailteóirí.
“Buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhain, bó a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaighfead lochóg, lochóg a sgríobhfadh im, im dho chosaibh gadhair, gadhair a ruaigfeadh fiadh, fiadh snámhfadh uisge, uisge fhluichfadh cloch, cloch a líomhfad tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgúirfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir.
Ní thabharfaidh muid-ne sopóg arbhair duit”, ars’an buailteóir, go bfágha tú bunnóg aráin ua mhnáibh an aráin sin thall.
Ar shiubhal leis fhad leis mhnaibh an aráin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa mná an aráin.
“Mná a bhéarfadh aráin do bhuailteoir, buailteoir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhain, bó a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh lochóg, luchóg a sgríobfadh im, im do cosaibh gadhair, gadhair a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge fhluichfadh cloch, cloch a líomhfad tuagh, tuagh bhuainfeadh slat, slat a sgúirfadh Murchadh Beag go géar géar, mar d’ith sé mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall