Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh siad-san an t-áth agus mise an clochán, báitheadh iad-san is thainic mise.
- Bhí sgaifte againn oidhche amháin ag áirneál ‘dtoigh Phádraig ic Suibhne. Bhí teine bréagh thíos iad na suidhe thart uirthí. Bhí mé fhéin agus Dinny Antoin ann fosta. D’iarr muid ar Dinny sgéal a innse.
“Níl sgéal ar bith agam”, arsa Dinny. “Arú”, arsa mise, “tá cuid mhór sgealtaí agat”.
“Bal”, arsa Dinny, “Tá sgéal amháin agam” agus thoisig sé agus seo an sgéal a d’innis sé.
Bhí sean dhuine a dtugadh siad Antoin Dubh air in a chomhnuidhe ins Cruic.
Is fada an lá marbh é, ach tá cuimhne mhaith agam fhéin air. Bhí feasóg fhada dhubh air, agus sin an tuighe a dtugadh siad Antoin Dubh air. Nuair a bhí sé óg bhíodh sé fhéin agus a mháthair ag dul thart ag cruinniú a gcodach. Bhí siad ar aon lagach cneasta, agus meas mor ag achán duine ortha. Sa deireadh fuair an t-sean bhean bás(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall