Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 142
- XML “An Gasúr Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An gasúir AmaideachBhí gasúr ann aon uair amháin agus ní rabh an cuid a ba [thruime] de’n chiall aige. Lá amháin bhí sé ag gabhail isteach ‘un bhaile mhóir agus casadh fear air agus lód turnaipí leis. D’fiafruigh an gasúr do’n fhear caidé a bhí leis. Dubhairt an fhéar gurb’e sin uibeacha láirreach. Smaointhigh an gasúr ceann de na h-uibheacha a d’iarraid air agus d’iarr. Tugh an fear ceann do agus d’iarr ar an ghasúir é a chuir faoí chearc ghuir. Thug an gasúr buidhheachais dón fear agus annsin dfhág slán ag a chéile. D’imthigh an gasúr leis na bhaile mhóir agus fuair na rudaí a bhí a dith air. D’fhág sé an baile mhór agus lutghair mhóir air. Nuair a bhí sé ag teacht na (chaithead) bhaile chaithead se a gabhail treasa ar abainn mhóir. Bhí an uibh leis ina lámh agus nuair a tháinig sé go bruach na h-abhna caith sé treasna é i dtom dreasóg. Le sin rith an coinnín amach agus shil an gasur bocht gurbe an láir óg a bí ann.
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann