Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 195
- XML “Taibhsí, Rudaí Neamhshaolta, Comharthaí, An Bean Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A leitidí sin de sgealtaí atá go minic le cluinstin i cois teineadh ins an gheimhreadh san ceanntair seo agus i morán aiteacha eile ar fud na hÉireann. Seo a leanas cunntas a fuair mé ó seanduine da chuid a bhaile fa taidhbhsí agus a leithidi. Na buic oga tá ag éirigh aníos anois ní mo no go néisteochadh siad leat agus tú ag cainnt ar thaiseannaibh soluis agus comhartanna neamh shaoghalta
Nuair a bhí mise óg a thaiscidh agus can indiu no indé sin bhéad eagla ar gcroiceann orainn i lár an lae ghil agus muid ag dul ar bhealach uaigneach no ag buachailleacht faoi bheannaibh no in áit uasal dén cineál. Can é sin dón dón dream ata ag gabhail anois. Tá siad comh seanaimsearda ó fhágann siad an cliabhain acht an méid a gnothuigh siad ar an bealach sin tá sé caillte acu ar bealach eile. Tá mé mo seanduine ag tuitim ar mo bhata agus ní cumhan liom taidhbhse a feacáil go fóill acht níl me liom fhéin mar sin. Ar ndóighe is iomdha sin solus a chonnaic mé acht níl dochair ionnta. An duine a fuair bás(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian O Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann