Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ghéibh na daoine atá in-a suidhe san fháinne rud ‘in teacht (biorán) agus bíonn siad d’a chuir thart futha i ngán fhios do’n duine atá in-a sheasamh i lár an fáinne.
Caithfidh an duine atá in-a sheasamh, duine a ainmneadh a síleann sé go bhfuil an rud aige. Má bhíonn sé contráilte caithfhidh sé duine eile a ainmneadh. Má bhíonn sé ceart caithfhidh an duine ar ainm sé rud ar bith a dheánamh a iarrfas na daoine eile air.“Tigg”:- Páistí is mo a imris seo. Buaileann duine (beo) buile beag ar dhruim duine eile. Ar shiubhal leis i n-a rith comh gasta as thig leis, agus an duine eile i n-a dhiaidh. Ma [ghei]? an duine eile suas leis, caithfidh seisean an duine sin a leanamhain annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)