School: Leitir
- Location:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 165
- XML “Scéal a 2”
- XML “Scéal a 3”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal a 2 (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé le pósadh. An oidhche sul ar pósadh iad, bhí seisean ag siubhal thart ag bun speanncacha móra.”
(continued from previous page)thug siad leobhtha an páiste breoidhthe i n-a indhiaidh. Ní rabh lá pléisúir ag an lánamhain ar an tsaoghal o sin amach. Fuair an páiste bás indhiaidh sin.
Is indhiaidh seo ar smaoithigh siad ar na focla a dubhairt na sídheógaí.Scéal a 3
“Bhí gasur beag amuigh ar an chnoc aon lá amháin. Bhí sé ag dul thart ag taobh an locha, agus cualaidh sé ceól binn agus damhsa.”
Sgéal a (3)
Bhí gasur beag (amach) amuigh ar an chnoc aon lá amháin. Bhí sé ag dul thart ag taobh an locha, agus cualaidh sé ceól binn agus damhsa. D’éirt sé leis go cionn tamall agus shíl sé nach gcualaidh sé dadaí ariamh cosamhail leis. Shuidh sé síos agus bhí an fuam i n-a chluasa ar fad.
Indiaidh tamall d’éirigh sé suas agus shíl sé nach rabh sé bomaite i n-a shuidhe, ach n-áit sin bhí an oidhche dhubh dhorcha chomhair a bheith ann anois agus ní rabh sé acht i n-a mhaidin nuair a shuidh seisean síos.
Bhí sé annsin agus é iontach uaigneach. Chualaidh sé tormán beag ar a chul agus cáide tcí sé acht fear beag agus lampa leis. Bhí níor mo eagla ar an gasur anois no bhí am ar bith eile. Bhí sé ag dul a chaoineadh nuair a d’iarr an fear beag air gan eagla a bheith air, acht arsa fear beag tá mise ag dul go Dun Luaidhe agus mas mian leat a bheith liom teisbeanóchaidh mise an bealach duit.(continues on next page)