Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 189
- XML “Scéal”
- XML “Scéal a Dó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fada o shoin. Chuaidh sé amach chun na coilleadh a bhaint slatacha. Ní rabh fhios aige caidé an cineáil a bhí sé a baint. Bhain sé creachta 7 cuileann annsin tháinig sé chun na bhaile. Dubhairt a bhean leis nár ceart iad a bhaint.”
Sgéaltaí a d'innis
1. Pádraig Ó Domhnaill
2. Tuam, Leitir 'ic a Bháird
3. 57bl
4. Feirmeoir BeagBhí fear ann fadó ó shoin. Chuaidh sé amach chun na coilleadh a bhaint slatacha. Ní raibh fios aige caidé an cineáil a bhí sé ag baint. Bhain sé creachta, cuibeann annsin tháinig sé chun na bhaile. Dubhairt a bhean leis nár ceart iad a bhaint.
Níor chreid sé í agus choinnigh sé istoigh seachtmhain iad agus gan aon lá a bhí ag teacht bhí an fear ag meath.
Annsin b'éigean do'n doctúir teacht chuige Charaig. Dubhairt an doctúir go dtug sé leis rudaí ó na sidheógaí agus iad fhágailt arais. D'fhág sé arais iad. Bisigh sé arais. D'amharc sé arais agus bhí siad ar shiubal leis na sídheógaí.- Bailitheoir
- Brighid Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
Scéal a Dó
“Bhí fear 7 bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amháin. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrge 7 d'éirigh an spéir dorcha.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amhain. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrige agus d'éirigh an spéir dorcha. Bhí na tonnaí ag tarraingthe ortha gach aon uair agus bhí an fear ag caitheamh rudaí le rabh a dath le na gcosaint. Smaointigh é ar a sgian phóca. Tarraingt sé amach é agus gcoilt an tonn(leanann ar an chéad leathanach eile)