Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 190
- XML “Scéal a Dó”
- XML “Scéal a Trí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal a Dó (ar lean)
“Bhí fear 7 bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amháin. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrge 7 d'éirigh an spéir dorcha.”
(ar lean ón leathanach roimhe)na dhá chuid o cheann go ceann an báidh. Annsin tháinig siad chun na bhaile slán. I dthrath an mheadhon laé lá thar na bhárach. Tháinig fear isteach. Thug sé cuireadh do’n fear a chaith amach an sgian. D’imthigh leo dtáinig siad go dtí an fhairrge. Chuaidh siad ar bord agus tháinig siad i dtír ag gleann mór. Shiubhail leo go dtáinig siad go speannc mór d’fhosgail an speannc amach. Chuaidh siad isteach, bhí bean i n-a luighe ar cholbha na leabhtha agus an sgian póca a chaith sé amach ins an fhairrge saithte faoi na croidhe. Dubhairt sí leis an sgian a tharraingt. Dubhairt sé nach dtarraingeóchadh mura bhfágad siad arais é. Dubhairt an bhean leis. “Ba mhaith a rinne tú sin nó bhí mise ag gabháil do mhuineál a ghearradh”.Scéal a Trí
“Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dhéanamh dó.”
Sgéal a trí:-Bhí fear agus bean ann fad shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dheánamh dó. Bhí fear siubhal ar lóisín aca, luigh sé ag an teinidh, i lár na h-oidhche. D’iarr an fear ar an bhean an tae a dheánamh dó. Dubhairt sí nach dtiocfhadh léite éirighe agus an fear siubhail annsin. Ma bhíom ag deánamh tae(leanann ar an chéad leathanach eile)